Sonraí Tuilte Screamhuisce GSI

Cuireadh sonraí tuilte screamhuisce le Myplan.ie. D’ullmhaigh Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann (GSI), An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son ha hAeráide agus Comhshaoil na sonraí seo, i  gcomhar le Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlaigh don Tionscadal Tuilte GW, 2016 – 2019.

Ullmhaíodh na léarscáileanna chun aghaidh a thabhairt ar easnamh sonraí tuilte screamhuisce agus chun cuidiú le páirtithe leasmhara cinntí eolaíocha a dhéanamh maidir le baol tuilte screamhuisce in Éirinn. Ní comhairle iad na léarscáileanna agus ní sé beartaithe go mbeidis mar chomhairle. Ba cheart comhairle ghairmiúil nó speisialtóra a lorg sula ndéanfar nó go staonfar ó aon ghníomh ar bhonn na léarscáileanna tuilte.

Le haghaidh eolais comhthéacsúil lena n-áirítear Nótaí Treoracha, Tuarascáil Tionscadail agus Láithreáin Gréasáin an Tionscadail féach na naisc seo thíos le do thoil:

Nótaí Treoracha

Tuarascáil

Tuilte Screamhuisce

Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann

Tarlaíonn tuilte screamhuisce nuair a ardaíonn an t-uisce a stóráiltear faoin talamh os cionn dromchla na talún. In Éirinn, baineann an cineál is fairsinge de thuilte screamhuisce le báisteach fhada, rud is cúis le maoschlár sna ceantair ísealchríocha aolchloiche in iarthar na tíre.

Léiríonn na Léarscáileanna Dóchúlachta Tuilte Screamhuisce méid tuilte dóchúil na tuilte screamhuisce i réigiúin aolchloiche.  Tá na léarscáileanna seo dírithe go príomha (ach ní go hiomlán) ar thuilte ag bogaigh a bhíonn faoi uisce go séasúrach ar a dtugtar turlaigh. Ba chóir a thabhairt faoi dheara go bhfuil na léarscáileanna tuartha teoranta do cheantair ina raibh an pátrún tuile inbhraite agus inar féidir é a shamhaltú go hidreolaíoch go leibhéal muiníne leordhóthanach.  

Léiríonn an léarscáil tuile Screamhuisce Uasta Stairiúil an méid tuilte is mó a breathnaíodh do shuíomhanna le tuilte athfhillteacha screamhuisce i réigiúin aolchloiche. Tá an léarscáil bunaithe go príomha ar eachtra tuile an gheimhridh 2015/2016, a léirigh an eachtra tuile screamhuisce is mó dár taifeadadh riamh i bhformhór ceantar.  Léiríonn léarscáil Tuilte  Uisce Dromchla an Gheimhridh 2015/2016 tuilte abhann (aibhneacha) agus báistiúil (báisteach) in Éirinn, seachas ceantair uirbeacha, le linn eachtra tuile 2015/2016.