Nuacht & Tuarascálacha

San áireamh leis an gcuid seo tá nuashonruithe maidir le sonraí nua nó athruithe a rinneadh ar Myplan.ie. Is féidir doiciméid agus tuarascálacha a bhaineann leis an bpróiseas pleanála a aimsiú anseo. Chun alt a léamh ina iomláine ní gá ach cliceáil ar an nasc.

News

Jul 2023

Tá sonraí Tascfhórsa Tithíochta Bhaile Átha Cliath (2022) ar fáil anois ar Myplan.ie. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.housing.gov.ie

News

Oct 2022

Tá na Rialacháin fán Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (Forbairt Dhíolmhaithe) (Uimh. 3) 2022 agus na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Crios Coimirce Gréine) 2022 ag tacú leo i bhfeidhm anois.

News

Jul 2021

Tá sonraí Suirbhé ar Thithíocht Neamhchríochnaithe (2020) ar fáil anois ar Myplan.ie. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag gov.ie

News

Dec 2020

Cuireadh sonraí tuilte screamhuisce le Myplan.ie. D’ullmhaigh Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann (GSI), An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son ha hAeráide agus Comhshaoil na sonraí seo, i gcomhar le Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlaigh.

News

Jan 2020

Tá mapáil tuilte Staidéir Measúnaithe agus Bainistíochta Riosca i gCás Tuilte Dobharcheantair (CFRAM) agus Staidéar Straitéise um Chosaint Chósta na hÉireann (ICPSS) Oifig na nOibreacha Poiblí ar fáil anois ar Myplan.ie.

Myplan.ie Report

Mar 2019

Forbraíodh ‘Generalised Zone Types’ (GZTs) go sonrach do thionscadal Myplan.ie. Léiríonn siad scéim sheasmhach chun criosuithe talamhúsáide a rangú ar fud na n-údarás áitiúil ar fad, agus cuireann siad le criosuithe reachtúla atá ann cheana a úsáidtear le haghaidh gach plean faoi leith.

Myplan.ie Report

Mar 2019

Is éard atá i gceist le Sonraí Oscailte ná go gcuirfear na sonraí atá á gcoinneáil ag comhlachtaí poiblí ar fáil agus go mbeidh teacht go héasca orthu ar líne chun iad a athúsáid agus a athdháileadh. De bharr go bhfuil dul chun cinn déanta ag comhlachtaí poiblí i réimsí ar nós ríomhRialtas agus anailísíocht sonraí, tá soiléireacht níos mó ann maidir leis an bpoitéinseal a bhaineann le sonraí, Sonraí Oscailte ach go háirithe, chun cuidiú le buntáistí geilleagair, sóisialta agus daonlathacha a chur ar fáil.